Níl insint béil ar a scáfaire atá an nuacht atá ag teacht as Gaza le cúpla seachtain anuas. Nuair a bhuailim le cairde nó comharsana ar an tsráid nó le comhghleacaithe ar an obair, táimid inár staic, balbhaithe ag na huafáis atá ag titim amach. Níl a fhios againn cad é is féidir linn a dhéanamh. Táimid cleachtaithe le feachtais a théann i ngleic le ciorruithe ar sheirbhísí poiblí nó le droch-choinníollacha ar obair. Le séanadh cearta teanga nó le leatrom ar bhonn claonadh gnéis. Ach nílimid cleachtaithe leis an chinedhíothú.

Cinedhíothú a dtig linn amharc air ‘beo’ ar an scáileán mór sa seomra suite i ndiaidh am dinnéara nó ar scáileán beag an ghutháin i rith mhionsosanna oibre.

Tá breis agus 3,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael le 12 lá anuas. ‘Féinchosaint’ a thugann siad air, ach tá siad ag iarraidh dallamullóg a chur orainne agus orthu féin, b’fhéidir. I measc na marbh tá teaghlaigh a chuaigh a chodladh in aon seomra amháin lena chéile ionas go n-imeodh siad uilig ar shlí na fírinne in éindí dá dtitfeadh buama orthu. 

Dealraíonn sé nach bhfuil aon tearmann le fáil áit ar bith i nGáza. Tá slad déanta ag an IDF ar dhaoine a bhí nuadhíbeartha as a n-áiteanna cónaithe agus a bhí ar a mbealach ó dheas chuig ceantar a bhí sábháilte, mar dhea. Dhírigh siad a mbuamaí marfacha ar scoileanna agus ospidéil de chuid na Náisiún Aontaithe agus misinéirí Críostaithe. Bhí daoine sceimhlithe, scanraithe ann ach sáraíodh teorainneacha an tearmainn. Tá iriseoirí a chraobhscaoil tuairiscí faoin scéin curtha de dhroim an tsaoil. Dochtúirí a bhí ag freastal ar othair, leis. Tá an t-anam réabtha as fir, mná agus páistí. 

Tá an soláthar uisce, breosla, leictreachais agus bia ídithe i nGáza mar gheall ar bhearta stát Iosrael. Samhlaigh é. Tart dosháraithe ’cheal uisce óil agus an teocht i rith an lae chomh hard le 30 céim Celsius. Arraingeacha ocrais agus lagú intinne agus coirp. Baictéir agus víris dhofheicthe ag fás go rábach ar lámha salacha. Dusta agus luaithreach á sú isteach sna scámhóga le gach anáil a tharraingítear. Casacht dhocheansaithe mar gheall ar dheatach doscaipthe sa timpeallacht. 

Tá muintir Gháza i ndiaidh rith amach as am. Nach muid a bhí soineanta. Thuig muid a bhrúidiúla a bhíonn fórsaí míleata Iosrael, a shotalaí atá leithéidí Netanyahu agus Bennett agus eile. Mar sin féin, is dócha gur chreid muid go bhféadfadh an comhphobal idirnáisiúnta dul i bhfeidhm ar stát Iosrael de réir a chéile, dá mba bhóthar fada féin é.

Ach bhí brat na saontachta mar phúicín bán ar ár n-aigne, agus tá an brat sin stróicthe agus smálaithe anois le fuil agus feoil na marbh, le smionagar na bhfoirgneamh scriosta a luífidh go trom ar chroí an chine dhaonna go ceann i bhfad. Go sábhála dia sinn.