TÁ coicís ann go dtosóidh Féile an Phobail, ceann de na féilte pobail is mó san Eoraip. Beidh cainteoirí, ealaíontóirí agus ceoltóirí as fud fad na cathrach agus níos faide i gcéin ag tarraingt ar Iarthar Bhéal Feirste le páirt a ghlacadh san fhéile a mhairfeas aon lá dhéag. Seo cuid de na himeachtaí Gaeilge a bheas ar siúl idir an 3ú agus 13ú Lúnasa.
 

Slí na Sí agus an Domhan Eile

Tabharfaidh an t-amhránaí agus cumadóir ceoil Gráinne Holland sinn ar chonair dhraíochtúil na sí agus na ndaoine maithe i bPáirc na bhFál chomh fada leis an Domhan Eile. Buailfimid le déithe agus bandéithe Thuatha Dé Danann, cine a mhaireann i miotaseolaíocht na hÉireann. Ag deireadh na siúlóide thig le páistí páirt a ghlacadh i gciorcal drumadóireachta agus damhsa, ealaín agus ceardaíocht a dhéanamh. Lasfar tine Lúnasa mar chuid de shearmanas le fáilte a chur roimh shéasúr an fhómhair. Is gá ticéad a chur in áirithe, £5 an ceann, agus beidh siúl na slí ann ar an 3ú agus ar an 9ú Lúnasa. 
 

An Ghaeilge agus Éiceolaíocht

Sa leabhar dátheangach leis an Ollamh Micheal Cronin, ‘An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht’, áitíonn an t-údar nach acmhainn dúinn dul i ngleic leis an chontúirt bhunúsasch a bhaineann leis an dochar doleasaithe atá ag bagairt ar an aeráid gan an Ghaeilge. Tá saíocht a forbraíodh le dhá mhíle bliain anuas le fáil sa teanga, a deir sé, agus tá sí de dhíth le meanma a choinneáil i muintir na tíre agus an comhshaol a thabhairt slán. Beidh léacht leis an Chróiníneach i nGael-Ionad Mhic Goill ar 7pm Dé Céadaoin, an 9ú Lúnasa.
 

Ransaitheoirí na Reilige

Bíonn ráchairt mhór ar thurais Ghaeilge ar Reilig Bhaile an Mhuilinn agus ar Reilig Chathair Bhéal Feirste le Seán Fennell, múinteoir i nGaelscoil na bhFál. Treoireoidh Seán thart ar Reilig na Cathrach sinn mar a dtabharfaidh sé léargas dúinn ar stair Bhéal Feirste, ar stair na hÉireann agus ar stair an domhain trí phriosma an tsaoil a chaith na mairbh atá sa chré anois ann. Beidh eolas le fáil ar an Titanic, ar thionsclú na cathrach, ar Cheiltigh Bhéal Feirste agus ar an mhuintir rachmasach a d’fhág lorg ar an áit. Beidh na turais ann Dé hAoine an 4ú agus an 11ú Lúnasa ar 11 r.n. go 1 i.n. agus £5 atá ar na ticéid. Is féidir áit a chur in áirithe ach rphost a chur chuig sfennell419@gscoil.org nó díreach leaindeáil ag príomhgheata na reilige ar an lá.

Abrasive Gaels

Tá leabhar nua scríofa ag an iriseoir Eoghan Ó Néill faoi Raidió Feirste, stáisiún bradach a tháinig roimh Raidió Fáilte, agus faoi Ghaeil na cathrach sa tréimhse 1980-1991. Tá cúrsaí oideachais, iriseoireachta agus saol sóisialta na nGael ón aimsir chorraitheach úd faoi chaibidil ann, chomh maith le scéalta fá An Ceathrú Póilí, siopa leabhar Áine Nic Gearailt, an nuachtán Lá, bunscoileanna agus eile. Seolfar an leabhar nua i Raidió Fáilte agus glacfaidh an Niallach páirt i seisiún ceisteanna agus freagraí ar a chuid oibre féin agus ar obair an stáisiúin raidió. Imeacht saor in aisce atá ann, ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré. Craolfar beo é ar Raidió Fáilte 107.1FM agus ar raidiofailte.com. 

Dianchúrsa

Margadh iontach atá sa dianchúrsa lae Gaeilge atá á reáchtáil ag Ionad Uíbh Eachach le linn na Féile, gan ach £10 mar tháille ar lá foghlama, tae, caifé agus lón. Freastalófar ar bhunfhoghlaimeoirí atá ag iarraidh cúpla focal a thabhairt leo, chomh maith leo siúd atá bealach níos faide anonn ar aistear an léinn – ardtosaitheoirí, meánrang agus ardrang.
 

An Dream Dearg

Beidh dhá imeacht ann a bhaineann leis na hiarrachtaí an Ghaeilge a athbheochan agus a chur chun cinn. Agus 130 bliain ar an fhód á cheiliúradh ag Conradh na Gaeilge, déanfar plé ar aiste chlúiteach Dhubhghlas de hÍde, duine de bhunaitheoirí an Chonartha, ‘The Necessity for De-Anglicising Ireland’ ag imeacht dar teideal ‘Ó Dhíghalldú go Dream Dearg’. Cíorfar ceisteanna an díchoilínithe agus an phoblachtánachais sa Chonradh. Imeacht saor in aisce Dé Céadaoin, an 9ú Lúnasa ar 1pm i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

25 bliana i ndiaidh gur síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta beidh lá machnaimh ag na Gaeil ag caitheamh súil siar agus ar aghaidh. I measc na n-ábhar a phléifear tá cúrsaí óige, tógáil clainne, oideachas, na meáin, na healaíona agus cúrsaí fiontraíochta. Tá ceannródaithe in earnálacha éagsúla ar an dá phainéal: Máirín Ní Ghadhra ó Raidió na Gaeltachta, Gerry Adams ó Shinn Féin, Brónagh Fusco, máthair agus gníomhaí teanga, Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Fhís an Phobail, Sorcha Ní Chéilleachair ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, Niall Ó Catháin ó An Carn, Bláithín Mhic Cana ó Ghaelphobal Ard Mhacha Theas agus Pilib Ó Ruanaidh ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta.
Beidh Painéal 1 ann ar maidin 11-12.30pm agus Painéal 2 ann 2-4pm i gColáiste Naomh Muire Dé hAoine, an 11ú Lúnasa. Beidh lón oscailte ann in Bia Loch Lao sa Chultúrlann.