Tréith amháin atá i gcoitinne ag na Gaeil is ea gur maith linn bheith ag maíomh as na hoícheanta spleodracha atá caite againn thar na blianta. Oícheanta móra mireachais a lean go maidin. Oícheanta craiceáilte le scoth an cheoil agus na cuideachta. Oícheanta a mhairfidh sa chuimhne. Tá snáithe ar leith i scéalta den chineál seo, a bhíonn á reic i ngach cearn den tír, is é sin an ról a bhí ag an chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí, a cailleadh Dé Máirt, iontu.

Ba Chonallach é Rónán ach is i gCorcaigh a rugadh é. Bhí cónaí ar a mhuintir in Ard Barra i nGleann Maighir ar an taobh thuaidh den chathair, áit a raibh grúpa tithe ag teaghlaigh a bhí ag tógáil a gclann le Gaeilge. D’aistrigh muintir Mhic Aodha Bhuí go Gaoth Dobhair nuair a bhí Rónán an-óg. Bhí sé ar ais i gCorcaigh le féile Ghaeilge na mac léinn, Spraoi Cois Laoi, a oscailt go hoifigiúil nuair a casadh orm é den chéad uair thart fá 30 bliain ó shin. Chuir an Chuallacht Ghaelach lóistín ar fáil don chraoltóir chroíúil in óstán deas ach i ndiaidh do scaifte againn seisiún a chur isteach i gclub oíche ag éisteacht lena phleananna fán Chiorcal Chraiceáilte agus fán réabhlóid teanga, níor bhain sé an lóistín amach go dtí an mhaidin dar gcionn. Is ‘ag kipeáil suas ar urlár s’againne’ a chríochnaigh sé. Shéid sé tinfeadh an oíche sin fá cibé splanc bheag a bhí i mo chroí agus thug sé misneach don bhean óg sin an Ghaeilge a athshealbhú agus díchoilíniú aigne a bhaint amach. Chuidigh sé le Gaeil a bhí scaipthe go fisiciúil pobal dlúth a bhunú agus a láidriú tríd an cheol agus an tsiamsaíocht. Thug Rónán gach tacaíocht don Dream Dearg agus tá an lóchrann ar son cearta teanga ar lasadh i gcónaí.

Bhíodh Rónán i láthair ag ócáidí in achan chearn den tír, ina measc Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, gig Kíla in Áras Mhic Reachtain, lobby an Gleneagle ag Oireachtas na Samhna. Chasfaí ort é sa Cheathrú Póilí i gcomhluadar a iníne, Fionnuala, go háirithe agus í ina girseach bheag agus é ag ceannacht leabharthaí galánta scéalaíochta di. Ní minic a chuala mé Rónán ag caint i mBéarla, ach labhair sé ón ar an ardán ‘in the language of the oppressor’, mar a thug sé air an oíche sin, ag Liú Lúnasa agus é ag iarraidh custaiméirí Thigh Uí Cheallaigh agus an Mourne Seafood Bar a ghríosú le cúpla punt a chaitheamh isteach sna buicéidí a bhí á gcur thart ag ceolchoirm le Jiggy agus Síomha.

Bhí an clár ‘Rónán Beo’ ar Raidió na Gaeltachta mar a bheadh mór-ócáid náisiúnta ann gach seachtain, go háirithe ar an Aoine. Bhí a fhios agat go raibh éisteoirí ar fud na hÉireann sa chuideachta leat mar léigh Rónán amach ár gcuid teachtaireachtaí agus tvuíteanna, oiread acu agus a thiocfadh leis. Bhí gréasán grinn agus grá tógtha aige inár chothaigh sé mórtas cine, féinmheas agus féinmhuinín. Léirigh sé comhbhá le muintir na sé chontae, na Críocha Gafa, i gcónaí. ‘Má tá tú sna Críocha, cuir na litreacha RNAG ag tús do theachtaireachta,’ a deireadh sé.

Bhí codarsnacht mhór mothúchán le sonrú an oíche a cailleadh Rónán. Bhí caoineadh agus ceiliúradh araon ann. Bhí na deora ag sileadh mar tuigimid go bhfuil duine ar leith imithe uainn róluath. Bhí lúcháir orainn fosta ar son ár gcairde in Kneecap a bhí thall i ngealchathair Londan ag síniú conartha le Heavenly Records. Céim mhór chun cinn agus thacaigh Rónán leo i rith an ama. Is é a thug ardán dóibh den chéad uair ag an Cabaret Craiceáilte i dTigh Hiúdaí Bhig. Agus is iomaí grúpa Gaeilge eile a fuair gach tacaíocht ón ardrí in imeacht na mblianta.

Ní haon áibhéil é a rá nach mbeadh saol s’againn, saol na nGael, chomh saibhir, spleodrach agus atá murach Rónán agus an obair cheannródaíoch a rinne sé. Ní bheidh a leithéid arís ann, dáiríre. Ba dhuine grámhar, eiseamlárach é agus an rud is mó is féidir linn a dhéanamh anois ná an lasair a choinneáil beo san anam, san aigne agus san obair a dhéanaimid. Gabhaimid comhbhrón ó chroí lena bhean, Bernie, lena iníon, Fionnuala, lena dheirfiúracha agus deartháireacha agus lena ghaolta cairde uilig.