Bhailigh cúpla céad duine ag Raidió Fáilte cúpla seachtain ó shin le páirt a ghlacadh i Lá Gnímh Pobail a bhí eagraithe ag Bord Comhpháirtíochta Iarthar Bhéal Feirste. Chruinnigh grúpaí as achan chearn den chathair taobh amuigh de Halla na Cathrach ag am lóin le seasamh in aghaidh ciorruithe a bhí bagartha in earnáil na luathbhlianta. Ba é an dara mórshiúl é le 10 lá ina raibh Gaeil páirteach. Bhí agóid ann an tseachtain roimhe sin ar Bhóthar na bhFál nuair a shiúil lucht na luathbhlianta ó Ionad Uíbh Eachach go Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Bhí oibrithe Sure Start, tuismitheoirí agus seantuismitheoirí ag an Lá Gnímh. Shiúil páistí óga faoin ghrian ina n-éide scoile samhraidh, greim acu ar naíchóistí a siblíní beaga, síos Sráid an Chaisleáin agus suas an Ascaill Ríoga go Halla na Cathrach. Bhí na Gaeil feistithe amach sna T-léinte dearga mar léiriú tacaíochta do Ionad Uíbh Eachach, An Droichead agus Altram go sonrach. Ach seo lá ar a raibh daoine as achan chúlra ina seasamh gualainn ar ghualainn lena chéile beag beann ar chúrsaí teanga, tuairim pholaitíochta ná creideamh.

Bhí macalla na manaí ‘sábháil ár seirbhísí’ agus ‘stad den slad’ le cluinstin ag preabadh de bhallaí arda na bhfoirgneamh i lár Bhéal Feirste. Lá stairiúil ab ea é óir bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh ar dhóigh nár tharla riamh roimhe. Bhí an gníomhaí Gaeilge Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge agus ón Dream Dearg mar fhear an tí ar an imeacht uilig – samhlaigh! Agus chinntigh sé go raibh an teanga fite sa chur i láthair agus i ngártha an tslua ar dhóigh iontach nádúrtha. Bhí an Deargóir Cuisle Nic Liam, oibríonn leis an Chonradh fosta, ar an ochtar aoichainteoirí a labhair ón ardán fán drochthionchar atá ag ciorruithe le tamall anuas ar a n-earnálacha féin.
 
Is foinse maoinithe thábhachtach é an Ciste Pathway in earnáil na luathbhlianta. Cuirtear suas le £30,000 ar fáil d’ionaid a chuireann isteach ar an scéim. Suas go dtí seachtain ó shin, bhí rabhadh ar shuíomh an chiste nach raibh cinnteacht ar bith ann maidir leis an scoilbhliain 2023-24 agus go raibh maoiniú don bhliain ag brath ar bhuiséad a a chuirfeadh an Roinn Oideachais le chéile. Tá gearradh siar i bhfeidhm ar fud na seirbhíse poiblí siocair go bhfuil rialtas Coimeádach na Breataine ag éileamh ar ais £297 milliún ó Fheidhmeannas neamhfheidhmiúil Chnoc an Anfa.

2Gallery

Tacaíonn Ciste Bright Start le heagrais soláthar súgartha a chur ar fáil i ndiaidh am scoile. Seachtain ó shin bhí 49 ionad i mbaol a ndruidte, gan ar fáil daofa ach maoiniú eatramhach 3 mhí. Bhí Ionad Uíbh Eachach, mar shampla, ag mairgneach go gcaillfeadh siad 15 phost agus bhí oibrithe cúram leanaí An Droichead ag déanamh imní ar an ábhar ceannann céanna.

Ag seisiún ceoil ar a raibh mé an lá i ndiaidh an mhórshiúil bhí tuismitheoir buartha ag nach mbeadh sé d’acmhainn ag a leithéidí costaisí do sheirbhísí luathbhlianta a chlúdach ó Mheán Fómhair ar aghaidh. Fiú mura mbeadh ach ardú beag £3 in aghaidh an lae ann, bheadh ar an tuismitheoir a bhfuil beirt duine beag clainne acu ag freastal ar ionad cúram leanaí theacht ar thuairim is £5,000 sa bhliain. Sin ualach róthrom a bhrúfadh amach as a gcuid fostaíochta go leor acu.

Cé gur fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil Pathways agus Bright Start slán go ceann bliana eile, is mór an strus a tharraing bagairt na gciorruithe ar thuismitheoirí agus ar oibrithe le cúpla mí anuas. Tá sé domhaite go gcuirfí constaicí mar seo sa bhealach ar fhorbairt páistí óga. Ní cosúil go bhfuil an DUP ag dul a dhéanamh an rud ceart agus theacht ar ais isteach san Fheidhmeannas go dtí an fómhar. Léirigh na Tóraithe minic go leor go bhfuil siad gan trócaire nuair a bhíonn an bhróg go teann ar na daoine is leochailí sa tsochaí.